Níos minice ná a mhalairt, cuireann cluichí NFL iontas orainn tríd an dráma a thiteann amach ag deireadh cluichí, tríd an scil a léiríonn na himreoirí seachtain i ndiaidh seachtaine, nó trí na fo-pholtaí éagsúla a gcuireann an lucht féachana spéis iontu. Tugadh blaiseadh maith d’achan rud thuasluaite dúinn ag an deireadh seachtaine. Seo roinnt de na buaicphointí agus scéalta is mó i ndiaidh deireadh seachtaine lán-aicsin eile sa tsraith.
‘Sé do bheatha a Mhuire!
Chuaigh an chéad rogha agus an dara rogha sa roghnúchán i mbliana, Caleb Williams (Bears) agus Jayden Daniels (Commanders) in adharca a chéile Dé Domhnaigh. Cluiche iontach teannta a bhí ann ó thús go deireadh. Bhí an lámh in uachtar ag an chosaint ar feadh an chuid is mó den chluiche. Choinnigh na Commanders smacht ar Caleb Williams. Níor éirigh leis ach 47% dá chuid iarrachtaí pasála a chur i gcrích.
Ar an taobh eile, d’imir Jayden Daniels go maith le linn an chluiche. Chláraigh sé 326 shlat pasála agus fuair sé 52 shlat breise lena chosa. Mar sin féin, bhí deacrachtaí ag na Commanders ar an tríú talmhú ar feadh na hoíche agus b’éigean doibh brath ar an chiceálaí Austin Seibert a scóráil 12 phointe.
Nuair a scóráil na Bears talmhú sa 4ú ceathrú gan ach 0:25 soicind fágtha ar an chlog, ba chosúil nach raibh aon dul as ach go mbeadh an bua acu. Is ansin a chuaigh lucht leanta na Commanders i dtuilleamaí an phaidrín. Gan ach 2 shoicind fágtha ar an chlog, agus ionsaí Washington gafa ar a líne 48 slat féin, thuig an ceathrúchúlaí Daniels go bhféadfadh sé an zón deiridh a bhaint amach ach go mbeadh air spás a chruthú dó féin chun a chosa a chur i dtaca.
Tharraing sé siar ar dtús sular imigh sé ar dheis i dtreo an taobhlíne. Léirigh sé an luas agus an acmhainn éalaithe atá ann nuair a chas sé go tobann ar chlé i dtreo lár na páirce arís ag fágáil beirt chosantóirí ina staic. Ansin, chuir sé a chosa i dtaca, tharraing isteach anáil mhór fhada, thug aghaidh ar an zón deiridh, agus chaith an liathróid go hard i dtreo na spéire. Thaistil an liathróid 64 shlat tríd an aer sular thuirling sí i measc scata imreoirí ar imeall an zóin deiridh. Ba é cosantóir na Bears Tyrique Stevenson a léim ní b’airde ná éinne eile agus a chuir lámh leis an liathróid ar dtús ag iarraidh í a chur ar mhalairt slí. Cibé scéal é, ag fanacht go foighneach ar chúl an tslua imreoirí a bhí Noah Brown, glacadóir cliathánach na Commanders, agus d’éirigh leis breith ar an liathróid chun an cluiche a bhaint.
Imirt mhíorúilteach a bhí ann ar a dtugtar ‘Hail Mary’ sa pheil Mheiriceánach. Bíonn ar fhoirne dul i muinín na himeartha sin ag fíordheireadh an chluiche nuair nach féidir leo cúl ón imirt a chiceáil nó i gcás inar mó an bhearna ná 3 phointe. Cúinse eile a chuireann go mór le hiontas an bhomaite áirithe seo ná go raibh Jayden Daniels ag fulaingt mar gheall ar ghortú dá easna ón tseachtain roimhe sin. Is cinnte go gcuimhneofar ar an imirt sin ar feadh na mblianta thart fá Washington.
Rud amháin eile a thit amach i ndiaidh an chluiche an físeán a tháinig amach de chosantóir na Bears Tyrique Stevenson agus é ag spochadh as lucht leanta na Commanders agus tús curtha leis an imirt dheireanach. Ní raibh a aird dírithe ar an imirt agus b’éigean dó deifir a dhéanamh i dtreo na liathróide sa deireadh. Cé gur ghabh sé a leithscéal i ndiaidh an chluiche as an droch-iompar, léiríonn sé arís nach bhfuil deireadh déanta go dtí go séidtear an fheadóg dheiridh.
New York Jets – cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é
Nach uafásach an céasadh é a bheith ar dhuine de lucht leanta na Jets. I ndiaidh blianta fada a chaitheamh i bpurgadóir na sraithe, shílfeá nach mbeadh geataí na bhflaitheas i bhfad ar shiúl faoin tráth seo. Anuraidh, nuair a fuair siad an ceathrúchúlaí iomráiteach Aaron Rodgers trí bhabhtáil leis na Green Bay Packers, bhí dóchas nach beag le brath i measc an lucht leanta. Scriosadh an dóchas sin laistigh de chúpla bomaite den chéad chluiche nuair a baineadh gortú do Rodgers a chuirfeadh deireadh lena shéasúr imeartha. I mbliana agus Rodgers ar ais ar an pháirc imeartha, shamhlófá go bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas don fhoireann. Ní mar sin atá sé, áfach.
Tá 5 chluiche as a chéile caillte ag na Jets anois, agus ní ghoillfeadh cailleadh amháin orthu ní ba mhó ná an cailleadh sin i gcoinne na Patriots ag an deireadh seachtaine. Níor éirigh leis na Jets an ceann is fearr a fháil ar na Patriots faoi dhó in aon séasúr amháin ó bhí 2001 ann. Bhí deis ollmhór acu deireadh a chur leis an staitistic sin Dé Domhnaigh. Go deimhin, nuair a scóráil siad sa 4ú ceathrú agus 3 bhomaite fágtha ar an chlog, is beag duine a cheapfá nach mbeadh an bua acu. Cibé scéal é, thit an tóin as cosaint na Jets ag uair na cinniúna agus b’éigean dóibh filleadh ar Nua Eabhrac in ísle brí.
Tá sé deacair a rá cad é atá i ndán do na Jets anois agus iad ar thaifead 2-6. Mar bharr ar an donas, beidh orthu aghaidh a thabhairt ar Texans (6-2) oíche Déardaoin. Teastaíonn athrú ó bhonn uathu, ach is rud é sin nach féidir a dhéanamh i lár an tséasúir.
Tháinig Cleveland Browns aniar aduaidh ar Baltimore Ravens
Ceann de na torthaí ba shuntasaí ón deireadh seachtaine is ea an bua a bhí ag na Browns, a bhí ag streachailt go mór le cúpla seachtain anuas, ar na Ravens, a bhí ag dul ó neart go neart le déanaí. D’imir ceathrúchúlaí na Browns, Jameis Winston, go han-mhaith agus scóráil sé 3 thalmhú pasála. Sheas an chosaint suas fosta, go háirithe ar an tríú talmhú – ba é 20% an céatadán ratha a bhí ag na Ravens ar an tríú talmhú ó thús go deireadh an chluiche.
Is bua é a thabharfaidh sólás éigin do lucht leanta na Browns a bhí faoi bhrón ag bás an tráchtaire Jim Donovan a raibh cion ag a lán daoine air. Tá sé deacair a rá go fóill an féidir leo an séasúr a tharrtháil faoi stiúr Jameis Winston, ach níl aon dabht faoi ach go raibh cuma níos fearr ar an ionsaí agus é i gceannas air.
Maidir leis na Ravens, beidh deis mhaith acu teacht aniar an tseachtain seo i gcoinne Broncos. Is léir go bhfuil gléas troda uathúil acu i bhfoirm an chúlaí reatha Derrek Henry agus tá sé d’acmhainn acu slad a dhéanamh ar fhoirne tríd an chluiche reatha. Má éiríonn leo na babhtaí cáilithe amach, agus is dócha go mbainfidh, bheadh sé spéisiúil a fheiceáil an féidir leo dúshlán fisiciúil a thabhairt do na Kansas City Chiefs agus deireadh a chur lena n-iarracht 3 shárbhabhla as a chéile a bhaint.